← Chaitheadar an lá ó mhoch na maidne go dul faoi na gréine agus ar a gcasadh dóibh abhaile d'iompaigh siad siar féachaint an raibh Oisín ina ndiaidh. 🔊✎
← Shuíodar síos chun bia agus cuireadh féasta maith bia rompu agus Fionn ag freastal orthu ag gearradh bia agus feola dóibh fad a bhíodar ag ithe. 🔊✎
← Bhí an Fairceallach rompu amach ag taispeáint an bhóthair dóibh. 🔊✎